top of page

Legally Blonde: Taobh istigh den cheolseo atá le teacht

  • Writer: Erica Carter
    Erica Carter
  • Mar 9, 2020
  • 2 min read

Tá Cumann Ceoil TU Dublin ag tabhairt ceann de na scannáin is íocónaí don saol an mhí seo

chugainn le Legally Blonde: an Ceolseó. Tar éis gur éirigh lena seó Cabaret anuraidh, tá siad

ar ais arís i mí Aibreáin le seó spraoiúil eile. Tá an fhoireann sa phróiseas réitigh faoi láthair

sula dtosaíonn siad ag cleachtadh níos déanaí an mhí seo.


Deir an bainisteoir léiriúcháin Lauren Sharpe gur spreag an spraoi a bhí aici anuraidh le

Cabaret chun páirt a ghlacadh arís i mbliana. "Bhí an léiriú chomh spraíúil ach ba iad na

daoine a bhuail mé le agus a tháinig chun bheith ina gcairde mé an chúis gur shocraíomar

leanúint ar aghaidh i mbliana le seó eile," a dúirt sí. “Roghnaigh muid Legally Blonde mar

gheall ar an gcaitheamh mór agus éagsúil, is spraoi é agus tá a lán daoine eolach ar an

léiriú.. Is mian linn a bheith cuimsitheach, spraíúil agus gairmiúil.”


Bhí spéis mhór sa cheolseó i mbliana, le breis is seasca éisteacht. Bhí éisteachtaí ar siúl níos

luaithe an mhí seo leis an stiúrthóir Siobhan Gallagher a thug faoi deara gach ceann acu.

Iarradh ar gach mac léinn amhrán a ullmhú ón gceolseó agus léamh trí script áirithe. An lá

dár gcionn iarradh orthu páirt a ghlacadh i dtriail damhsa, arna comhordú ag an gcóragrafóir

Emma Dillon. "Bhí an-iontas orm ar líon na ndaoine a tháinig chun trialach, agus bhí

dearcadh mealltach taitneamhach acu go léir," a dúirt Emma.


“Tá an tallann iontach agus bhí na caighdeáin éisteachta an-ard, rud a chiallaíonn go

gcaillfidh roinnt daoine an-éirimiúla amach nach féidir linn ach Elle agus Warner amhain a

bheith again,” a dúirt stiúrthóir Siobhan.


Dealraíonn sé go mbeidh go leor obair chrua ann chun an seó a tharraingt le chéile ach tá an

fhoireann ag tnúth leis an dúshlán. “Is tasc an-mhór é imeachtaí móra i gcónaí, go háirithe

ag iarraidh an t-ullmhúchán a thapú leis an gcoláiste agus le hobair eile,” a deir Emma.

“Bíonn an-imní ort i gcónaí nach ndíolfar ticéid ach táim chomh muiníneach go mbeidh an

seó is iontach don lucht féachana agus do na haisteoirí le bheith bródúil astu. Táim chomh

buíoch go bhfaigheann mé an turas seo leis na guí seo agus tá súil agam go mbeidh muid

uilig beo fós ag am an seó!”


Aontaíonn Lauren. "Cé gur obair chrua a bhí ann, ceapaim gur deis uair sa saol é léiriú a

dhéanamh mar seo agus táim chomh tógtha sin anois as an bhfíor-spraoi nuair a thosaíonn

cleachtaí agus tosaíonn sé ar fad ag dul ar aghaidh."


Tá Legally Blonde: an Ceolseó le reáchtáil ar 22 agus 23 Aibreán i Gleeson Hall, Kevin Street.

Comments


Post: Blog2 Post

0857023740

©2020 by Erica Carter. Proudly created with Wix.com

bottom of page