Treochtaí smideadh samhradh 2020
- Erica Carter

- Jul 23, 2020
- 2 min read
Le srianta COVID-19 ag maolú go mall ar fud na tíre, tá leithscéal againn anois gléasadh suas agus smideadh a chur orainn. Seo cuid de na príomhthreochtaí smideadh don samhradh seo.
Is treocht ollmhór iad éadaí neon don earrach agus don samhradh 2020, ach tá smideadh neon ag treochtáil freisin. Oibríonn dathanna neon go hiontach ar na súile, i bhfoirm scáthú súl nó línitheoir súl. Tá go leor táirgí smideadh neon ar fáil, mar shampla scáthanna súl ó bhrandaí mar Suva Beauty, a thaitin go mór le ealaíontóir smididh agus blagairí. Déanann Essence Cosmetics línitheoir súl neon iontach, atá saor ó chruálacht agus saor i bpraghas.
Ní raibh an-tóir ar luisneach le cúpla bliain anuas, ach tá sé anois ar ais agus an-éileamh air. Go háirithe, tá sé faiseanta dul thar bord le do luisneach - é a chur ar fud do leicne, srón, agus fiú do smig agus do chlár éadain. An níos mó griandóite a fheiceann tú is fearr don ceann seo! Tá réimse ollmhór dathanna luisneach ag Makeup Revolution agus iad ar fáil go forleathan.
Ar feadh tamaill fada, bhí an-tóir ar béaldath neamhlonrach. Mar sin féin, agus muid ag dul tríd na míonna níos teo, bíonn dathanna liopaí nios nádurtha agus lonrach níos compordach agus coiteanta. Sin an fáth go bhfuil tóir ar snas béil don samhradh. I mbliana, tá snas béil glioscarnach agus gealraí ag treochtáil go mór. Tá éagsúlacht mhór de na cineálacha snas béil seo ag NYX Cosmetics ar phraghas iontach.
Ní chomh fada ó shin, ba ghnách le daoine dul as a mbealach chun a gcuid breicne nádúrtha a chlúdach. Ach sa lá atá inniu ann, is iad breicne bréige an treocht mhór is déanaí. Tá roinnt bealaí ann chun an cuma seo a bhaint amach - scáth súl agus scuab bheag, nó pionsail malaí a úsáid. Ach tá an oiread sin éilimh orthu le déanaí go bhfuil táirgí saincheaptha ann anois chun breicne bréige a chruthú. Tá pinn breicne bréige ann ó bhrandaí mar Freck, Lottie London agus Lime Crime.
Tá laethanta an "instagram brow" imithe. Anois, tá gach duine ag roghnú malaí níos clúmhach agus giobach. Tá cúpla bealach ann chun é seo a bhaint amach, lena n-áirítear cóireáil ar a dtugtar lannú mala. Ach mura dteastaíonn rud leathbhuan nó chomh daor uait, bain triail as gallúnach. Fuaimeann sé craiceáilte, ach cóirigh barra gallúnaí do mhalaí agus coinneoidh sé an cuma clúmhach sin i bhfeidhm an lá ar fad. Díolann brandaí mar West Barn Co gallúnach réamhdhéanta do do mhalaí.




Comments